Tobchumadóireacht (Improvisation): Thanksgiving Dinner

Oiriúnach do ghrúpa 3-10 duine. Leibhéal B1 – C1

Lig ort go bhfuil tú ag féasta Lá Altaithe. Roghnaigh ról ón liosta seo. Léigh an leid agus breac síos cúpla rud a dhéarfadh an duine sin. Ansin, déan comhrá mar ghrúpa.

  1. Bhí tú ag cócaireacht an lá ar fad; tá tú tuirseach agus beagán cantalach.
  2. Bhí tú an-tinn, ach tá biseach ort anois; tá tú iontach sásta bheith anseo agus tá tú buíoch as gach rud.
  3. Tá an-tóir agat ar pheil Mheiriceánach; tá tú ar bís leis an gcluiche tráthnóna inniu. (Detroit Lions vs. Green Bay Packers; Dallas Cowboys vs. Kansas City Chiefs; Baltimore Ravens vs. Cincinnati Bengals)
  4. Is cuma leat an pheil Mheiriceánach (agus beagnach gach spórt eile!); is cuma leat cé a bhuafaidh an cluiche.
  5. Is veigeatóir tú; ba mhaith leat na daoine eile éirí as an fheoil chomh maith.
  6. Tá tú ag tógáil na n-instealltaí Ozempic / Wegovy agus níl goile mór agat dá bharr.
  7. Tá an-ocras ort; is breá leat an bia stáirsiúil.
  8. Is déagóir tú agus tá Lá Altaithe leadránach; b’fhearr leat bheith le do chairde. Tá guthán póca agat.
  9. Tá tú ar bís chun dul ag siopadóireacht amárach don “Black Friday”!
  10. Is fuath leat an bhéim ar shiopadóireacht um Nollaig; níl i gceist leis ach airgead a dhéanamh! Tá liosta agat de shreangshiopaí atá tú ag baghcatáil, agus Amazon, dár ndóígh!
a family sits around the table at a holiday dinner and a young girl sits on a stack of books so she can reach the table

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.